Liedtext: An Toileán Úr

Gaelic (Irish Gaelic)

An Toileán Úr

Rinne Mé Smaointiú I M'intinn Agus Lean Mé Dó Go Cinnte
Go Néalóinn Ó Mo Mhuintir Anonn Chun 'Toileán Úr
Ó Bhí Mé Ag Déanamh Impí Ar An Ard Rí Os Mo Cheannsa
Mo Chonneáil Ó Gach Tubaiste Go Gcríochnóinn Mo Shiúl
Shiúil Mé Fiche Míle Is Níor Casadh Orm Críostaí
Capall Bó Nó Caora Ag Déanamh Inghilt Ar An Fhéar
Ach Coillte Dlútha Is Aleanntáin Agus Búirtheach Beithigh Allta
Fir Is Mná Gan Tant Orthu A Chasfá Fá Do Mhéar
Ach Tharla Isteach I Dteach Mé Nuair A Casadh Orm Daoine
D'Fhiafraigh Siad Mo Ainmse Is Cén Tír Inar Tógadh Mé
Dúirt Mé Leo I mBéarl Gur Tógadh Mé In Éireann
Láimh Le Loch Éirne I gCoillidh Lios Na Raoch
Bhí Seanbhean Insan Chlúdaigh Agus Stocaí Ar A Glúiní
D'Éirigh Sí Go Lúcháireach Agus Chraith Sí Liomsa Láimh
"Sheacht Mh'anam Fear Mo Thíre Thar A Bhfaca Mé Ariamh De Dhaoine
Tógadh Mise In Éireann I mBaile Lios Béal Áinetha"
Rinne Mé An Dara Smaointiú Agus Lean Mé Dó Go Cinnte
Go Bpillfinn Ar Ais Go hÉireann An Ait A Sínfí Mé Faoin Chlár
Mar A Bhfaighfinn Lucht Mo Chaointe Is An T-Aaos Óg Atá Lách Aoibhinn
A Chaithfeadh Liomsa An Oíche Agus Páirt Mhór Den Lá

Von Bobfari am Do, 30/08/2012 - 14:29 eingetragen
Last edited by Bobfari on Fr, 04/10/2013 - 15:40
Video
Übersetzungen von "An Toileán Úr"
Kommentare