Líadan - Ócam An Phríosúin

Реклама
Галски (Ирландски)
A A

Ócam An Phríosúin

Oh Molaim Sú An Ghráin Eorna Go Deo Deo Is Choíche
‘Sé An Trua Nach Raibh Tóir Ag Rí Seoirse Ar A Dhéanamh
Seán Ford A Bheith Ina Ghiúistís ’Sé A Chomhairleodh Na Daoine
Mar Is É A Chuir Mise Ag Foghlaim Le Hócam A Spíonadh
Is Ramsa Dideldoram ’Sé Ócam An Phríosúin
Is Go Bhfágfaidh Sú An Ghráin Eorna Na Hóglaigh Á Spíonadh
Oh Osclaíodh Domsa An Stór A Raibh Ócam Thar Maoil Ann
Is Thug Mé Lán Mo Ghabhail Liom Mo Dhóthain Go Ceann Míosa
Is Nach Mise A Bhain An Gáire As An Ngarda A Bhí I Mo Thimpeall
Nuair A D'fhiafraigh Mé Den Cheannfort Cé Air Ar Fhás An Fionnadh?
Is Ramsa Dideldoram ’Sé Ócam An Phríosúin
Is Go Bhfágfaidh Sú An Ghráin Eorna Na Hóglaigh Á Spíonadh
Tá An Éireannach Uí’Dhomhnaill Ina Chodladh Agus Imníoch
Nár Ionsaigh Na Luchain A Chuid Ócaim San Oíche
Is Ar An Maidin Lá Arna Mhárach Bhí Móide Ann Á Inseacht
“By Daid” A Deir An Gobharnóir “Tá An Diabhal Ar Fad Déanta!”
Is Ramsa Dideldoram ’Sé Ócam An Phríosúin
Is Go Bhfágfaidh Sú An Ghráin Eorna Na Hóglaigh Á Spíonadh
Nach Mise A Bhíonn Go Tuirseach Ag Tochas Is Ag Scríobadh
Ag Obair Don Eochróir A Bhfuil Eochair Aige Is Míle
Agus D'osclódh Sé Doirse Agus Glasannaí Na hÉireann
Is Chuirfeadh Sé Na Tincéirí Is Na Stiléirí I Ngéibheann
Is Ramsa Dideldoram ’Sé Ócam An Phríosúin
Is Go Bhfágfaidh Sú An Ghráin Eorna Na Hóglaigh Á Spíonadh
Is Nach Mise A Bhíonn Go Brónach Gach Domhnach Is Lá Saoire
Ag Siúl Anseo Sa Ngairdín I Bhfáinne Is Mé Ag Dul Timpeall
Agus Sileann Mo Chuid Deora I Gcónaí Nuair A Smaoiním
Gur Olc An Obair Dhomsa É A Bheith I Gcónaí Ar An Gcaoi Seo
Is Ramsa Dideldoram ’Sé Ócam An Phríosúin
Is Go Bhfágfaidh Sú An Ghráin Eorna Na Hóglaigh Á Spíonadh
Is Ramsa Dideldoram Ócam An Phríosúin
Is Go Bhfágfaidh Sú An Ghráin Eorna Na Hóglaigh Á Spíonadh
 
Пуснато от BobfariBobfari в Втр, 23/04/2019 - 20:35
Благодаря!

 

Реклама
Видео
Преводи на "Ócam An Phríosúin"
Líadan: Топ 3
Коментари