Russia is waging a disgraceful war on Ukraine.     Stand With Ukraine!
  • Darach Ó Catháin

    Amhrán an Tae • Reacaireacht an Riadaigh

    Featuring artist: Seán Ó Riada
Share
Font size
Original

Amhrán an Tae lyrics

Tráthnóna Dé Sathairn roimh dhul faoi don ghréin,
Chonaic mé lánúin i ngarraí leo fhéin,
Bhí an bhean is í ag casaoid, ag cur síos ar an tae,
Is níor mhaith leis an bhfear í a bheith ag trácht air.
 
Muise, bíonn tusa i gconaí ag cur síos ar an tae,
’S an lá a mbíonn sé agat ní fheictear agat é,
Imigh leat ’s faigh tobac dhom ar mhaithe leat fhéin,
Nó roinnfidh mé leat feac na láí.
 
Cén tslí atá agamsa? Cá bhfaighinnse dhuit é?
Ach ag ceangal dhá chearc a raibh ubh acu aréir,
Rud a thóg tú faoi Nollaig, níor íoc tú fós é,
Is tá an méid seo sách gann ag na páistí.
 
Tá mise ag ceapadh gur suarach an tslí
A bheith ag obair dhuitse is gan tada dhá chionn,
Dhá dtagainn isteach ag aon fhear sa tír,
Gheobhainn tobac uaidh is roinnt páighe.
 
Is é a n-iarrfá d’obair i gcaitheamh do shaoil,
Ag caitheamh tobac is dhá ligean le gaoth,
Taispeáin anois cá bhfuil do mhaith nó do mhaoin,
’S nach siamsúil do lón do na páistí?
 
Dhá dtéinnse go Gaillimh nó soir go hÁth Cinn,
Anonn go Cinn Mhara nó amach go Bleán Rí,
Chasfaí i dteach mé seachtain nó mí
Go saothraínn luach drár agus báinín.
 
Muise, d’imigh tú cheana agus tháinig tú aríst,
Ní fhacamar agat coróin, scilling ná pínn,
Luigh tú ar do leaba is do thaobhannaí tinn,
Is an slaghdán go domhain i do chnámha.
 
Stop do bhéal feasta, a amaid de shraoill,
Nó buailfidh mé buille ort a bhrisfeas do dhroim,
Ag cogadh is ag achrann a chaith tú do shaol,
Bhí an faisean sin céanna ag do mháithrín.
 
Má tá mise i m’amaid, is go bhfuilim i mo shraoill,
Léine ar mo chraiceann chomh dubh leis an daol,
Dhíol mé a raibh agam go n-íocfainn an cíos,
Agus sin é a d’fhág folamh mo lámha
 

 

Comments