Advertisements
Italian National Anthem - Il canto degli Italiani (Gaelic (Irish Gaelic) translation)
Gaelic (Irish Gaelic) translationGaelic (Irish Gaelic)
A
A
Amhrán na nIodálach
A Bhráithre ón Iodáil,
D'éirigh an Iodáil amach anois,
Agus í ag caitheamh chlogaid Scipio
Thuas ar a cloigeann.
Cá bhfuil bandia an bhua?
Go gcroma sí síos a ceann,
Agus í ina daor ag an Róimh,
Mar a chruthaigh Dia í.
A Bhráithre ón Iodáil,
D'éirigh an Iodáil amach anois,
Agus í ag caitheamh chlogaid Scipio
Thuas ar a cloigeann.
Cá bhfuil bandia an bhua?
Go gcroma sí síos a ceann,
Agus í ina daor ag an Róimh,
Mar a chruthaigh Dia í.
Cuirimis le chéile inár slua catha.
Tá muid ullamh le bás a fháil,
Tá muid ullamh le bás a fháil,
Nó chuir an Iodáil gairm orainn.
Cuirimis le chéile inár slua catha,
Tá muid ullamh le bás a fháil,
Tá muid ullamh le bás a fháil,
Nó chuir an Iodáil gairm orainn. (Muis!)
Leis na cianta anuas,
Tá muid faoi chois is in ísle brí,
Nó ní náisiún sinn,
Agus sinn dealaithe ó chéile.
Go dtuga an t-aon bhratach amháin,
An t-aon dóchas amháin le chéile sinn,
Nó bhuail an uair cheart anois
Le cur le chéile.
Bímis aontaithe, bímis aontaithe,
Bímis le chéile is tugaimis grá dá chéile.
Nochtaimis bealaí Dé
Do náisiúin an tsaoil mhóir.
Tugaimis mionna is móidí go saorfaidh muid
Tailte ár ndúchais,
Más é Dia féin a d'aontaigh sinn,
Cé a bhéarfaidh ár mbua?
Cuirimis le chéile inár slua catha.
Tá muid ullamh le bás a fháil,
Tá muid ullamh le bás a fháil,
Nó chuir an Iodáil gairm orainn.
Cuirimis le chéile inár slua catha,
Tá muid ullamh le bás a fháil,
Tá muid ullamh le bás a fháil,
Nó chuir an Iodáil gairm orainn. (Muis!)
Ó na hAilpeanna síos go dtí an tSicil,
Tá Legnano i ngach áit.
Tá croí agus lámh Ferruccio
Ag gach mac máthar againn.
Clann na hIodáile go léir,
Tugann siad Balilla orthu féin,
Agus gach stoc ag séideadh
Cheol Fheascar na Sicile.
Níl i gclaímhte na n-amhas
Ach giolcóga sobhriste.
Baineadh a chlúmh
D'iolar na hOstaire.
D'ól sé fuil na hIodáile
agus fuil na Polainne
in éineacht leis an Rúiseach,
ach má d'ól, dódh a ghoile.
Cuirimis le chéile inár slua catha.
Tá muid ullamh le bás a fháil,
Tá muid ullamh le bás a fháil,
Nó chuir an Iodáil gairm orainn.
Cuirimis le chéile inár slua catha,
Tá muid ullamh le bás a fháil,
Tá muid ullamh le bás a fháil,
Nó chuir an Iodáil gairm orainn. (Muis!)
Thanks! ❤ | ![]() | ![]() |
✕
Translations of "Italian National ..."
Gaelic (Irish Gaelic)
Please help to translate "Italian National ..."
Collections with "Italian National ..."
1. | My favourite national anthems |
2. | National Anthems (vol. 1) |
National Anthems & Patriotic Songs: Top 3
1. | Pakistani National Anthem - Qaumi Tarana (قومی ترانہ) |
2. | China National Anthem - 国歌 - 义勇军进行曲 (Yiyongjun Jinxingqu) (Guo Ge) |
3. | Malaysian National Anthem - Negaraku |
Comments
Music Tales
Read about music throughout history