Russia is waging a disgraceful war on Ukraine.     Stand With Ukraine!
  • Seán Mac Donnchadha

    Bean an Fhir Rua • Amhráin ar an Sean-Nós

Share
Font size
Original

Bean an Fhir Rua lyrics

Is a bhruinneall gan smál a bhfuil an deallradh deas ina grua
Sé an buachaillín bán a b’fhearr liom seal leat dhá lua
Is ní cheilim ar chách fios m’ábhair is go bhfuil mé faoi ghruaim
Ach ainneoin féara Fáil sí mo ghrása bean an fhir rua.
 
Is nuair a théimse thart síos bím i bpríosún ceangailte crua
Boltaí ar mo chaol is na mílte glas as sin suas
Mar thíorfainnse an siú mar thíorfadh an eala thar cuan
Nó go sínfinn mo thaobh seal síos le bean an fhir rua.
 
Is nár fhága mé an saol seo is ná coíche nár chaille mé an ghreann
Go mbeidh mé is mo mhian seal sínte faoi bharraí na gcrann.
Gan aon neach beo bheith ’nár dtimpeall ach coiligh fraoigh is duilliúr na gcrann
Is an fear rua a bheith sínte i gCill Bhríde ’gus leac ar a cheann.
 
Is tá crann ins an ngáirdín ar a bhfásann duilliúr is bláth buí
Is nuair a leagaim mo láimh air is nach láidir nach bpléascann mo chroí
Is ní iarrfainn dhe spás ar an Ard-Rí ó fhlaitheas anuas
Ach aon phóigín amháin is i sin a fháil ó bhean an fhir rua.
 

 

Seán Mac Donnchadha: Top 3
Comments