Russia is waging a disgraceful war on Ukraine.     Stand With Ukraine!
  • Seán Mac Donnchadha

    Mainistir na Búille • Grand Airs of Connemara

Share
Font size
Original

Mainistir na Búille lyrics

Chaith mé seacht seachtainí i Mainistir na Búille
Ar mo luí ar mo leaba, ní ’mo cholla ach mo dhúiseacht
Ag súil leat chuile leath-uair go dtíorfá an sagart faoi rún leat
Ó bhí tú dho mo mhealladh is gur chaill mé mo chliú leat.
 
Mar bhláth bán ins an ngáirdín a bhíonns mo ghrása i dtús an tSamhraidh
Nó na faoilleáiní bána a bhíonns ag snámh ar Loch Éirne
Nó mar loingeas os cionn an tsáile a mbeadh an deallradh goil timpeall
Agus sin mar a bhíonns mo ghrá ban ag teacht ag rámhailligh i m’intinn.
 
Chuaigh mo mhuintir go Baile an Róba ag cur mo chónra dhá déanamh
Is chuaigh an chuid eile acu go coillte Eochaill ag baint mo chróchair de bharra géaga
Tá súil le Rí na Glóire a’m go bhfuil siad uileag bréagach
Is go mbeidh mise is mo mhíle stóirín seal ag ól lena chéile,
 
Nach aoibhinn don chábán a dtéann mo ghrá ag ól ann?
Nach aoibhinn don chasán a leagann sé a bhróig ann?
Nach aoibhinn don chailín óg deas a gheobhas le pósadh é?
Réalt eolais na maidne agus crann soilse an tráthnóna.
 
Is nár ba fada nó go bhfágha mé uait leitir is scéala
Nár ba fada nó go bhfágha mé le n’oscailt is le léamh í
Nár ba fada nó go bhfaca mé an sagart ina léine
Ór buí inár bpócaí is muid pósta ar a chéile.
 

 

Seán Mac Donnchadha: Top 3
Comments