Russia is waging a disgraceful war on Ukraine.     Stand With Ukraine!
  • Skara Brae

    Bánchnoic Éireann Ó • Skara Brae

    Also performed by: Séamus Begley
Share
Font size
Original

Bánchnoic Éireann Ó lyrics

Beir beannacht óm’ chroi go tír na hÉireann
Bánchnoic Éireann Ó
Chun a maireann de shíolra Ír agus Éibhir
Ar bhánchnoic Éireann Ó
An áit úd ’nárb aoibhinn binn-ghuth éan
Mar shámhchruit chaoin ag caoineadh Gael
’Sé mo chás a bheith míle míle i gcéin
Ó bhánchnoic Éireann Ó
 
Ní fheicim a gcóraid ag gabháil sa taobh seo
Ar bhánchnoic Éireann Ó
Is ní fheicim a mbólacht á dtreorú chun féir ann
Ar bhánchnoic Éireann Ó
Ach bárca dá seoladh le forneart gaoth
Agus farraigí móra go deo lena dtaobh
Go bhfágathar fós mé im’chóige féin
Ar bhánchnoic Éireann Ó
 
Scaipeann an drúcht ar gheamhar agus féar ann
Ar bhánchnoic Éireann Ó
Is tagaid an úlla cumhra ar ghéagaibh
Ar bhánchnoic Éireann Ó
Biolar agus samhadh i ngleanntaibh ceoigh
Is na srutha sa tSamhradh ag labhairt ar nóin
Agus uisce na Siúire ag brúcht ’na shlóghaidh
Ar bhánchnoic Éireann Ó
 

 

Comments