Russia is waging a disgraceful war on Ukraine.     Stai con l'Ucraina!
  • Celia Ní Fhátharta

    Neainsín Bhán • Irish Traditional Sean-Nós Songs

Condividere
Dimensione del font
Testi originali

Testo della canzone: Neainsín Bhán

A Neainsín Bhán, cé is ansa leat fear eile nó mé fhéin
Is a Neainsín a dtug mé fancy dhuit i dtosach ar mhná an tsaoil
Mar shíl mé go mba bhreáichte thú ná bean ar bith sa saol
Ach smid chainte ná raibh i gceann an té nach molfadh leatsa mé
 
Is má théann tú chun an aonaigh tabhair an chaora leat is an t-uan
Is má théann tú ag déanamh tíobhais bíodh do mhian agat ar dtús
Óra bíodh sí maorga macánta is í molta as a cliú
Is ní barr maoine a thabharfas 'un tíobhais thú, is ná mealltar le sraoill thú
 
Dá mbeadh heels agus tops ar mo bhróga agus cóir mhaith a bheith ar na boinn
Nach rachainn chuile Dhomhnach go dtí an áit a mbíodh an spraoi
'S ní thógfadh an t-aos óg orm gach cor dhá gcuirfinn dhíom
'S dá mbeadh mo stór ar cheann an stóil, is níorbh fhada liom an oíche
 
'S nach olc í an obair ag teacht don Nollaig is mé ag síorchur sa gcré
Mar bheadh seabhac ann ar bharr sceiche nó barr ghlas na sú craobh
Ach mo mhallacht go deo anois a thabharfainn d'aon duine beo sa saol
A thógfadh orm a bheith ag cogarnaíl le stóirín gheal mo chléibh
 
Ach, a théagairín, ní féidir leat gan duine eicínt a fháil
A nífeadh do chuid éadaigh dhuit nó a d'fhuinfeadh do chuid aráin
Ach a phéarla atá breá gléigeal go cíoch go cois go láimh
Sé mo léan gan mé faoi shléibhte leat is cead éada ag feara Fáil
 

 

Traduzioni di “Neainsín Bhán”
Commenti