Россия ведет позорную войну с Украиной.     Поддержи Украину!
Делиться
Размер шрифта
Оригинальный текст

текст песни Bruach na Carraige Báine

Is thiar cois abhainn gan bhréag gan dabht
Tá an ainnir chiúin tais mhánla
Is gur ghile a com ná an eala ar an dtonn
Ó bhaitheas go bonn a bróige
'Sí an stáidbhean í a chráigh mo chroí
Is d'fhág sí i m'intinn brónach
Is leigheas le fáil níl agam go brách
Ó dhiúltaigh mo ghrá gheal domsa
 
Ó b'fhearr liom fhéin ná Éire mhóir
Ná saibhres Rí na Spáinne
Go mbéinnse 'gus tusa i lúb na finne
I gcoilltibh i bhfad ón ár gcáirde
Ó mise 'gus tusa bheith pósta a ghrá
Le haontoil athar is máthair
A mhaighdean óig is milse póg
'S tú grian na Carraige Báine
 
'S a stuaire an chinn cailce, más dual dom go mbeir agam
Beidh cóir ort a thaithneodh led' cháirde
Idir shíoda 'gus hata ó bhonn go bathas
'S gach ní insa chathair dá bhfeabhas
Beidh do bhólacht á gcasadh gach neoin chun baile
'S ceol binn ag beacha do bhánta
Beidh ór ar do ghlacadh is cóiste id' tharraingt
Go bruach na Carraige Báine
 

 

Переводы "Bruach na Carraige ..."
Mary Black: Топ 3
Комментарии