Russia is waging a disgraceful war on Ukraine.     Ukrayna'nın Yanında Olun!
Paylaşmak
Yazı tipi boyutu
Çeviri
Swap languages

Tine ealaíne

Nár bhraith tú riamh
Gur mála plaistigh thú
Sciobtha leis an ngaoth
Ag iarraidh tosú as an nua?
Nár bhraith tú riamh thú féin
Chomh tanaí le páipéar
Cosúil le teach cártaí
Atá réidh le tabhairt uaidh?
 
Nár bhraith tú riamh
Go bhfuil tú go domhain i bpoll
Is tú sé throighe faoin talamh ag scread
Gan é a bheith cloiste ag éinne
An bhfuil a fhios agat go bhfuil
Deis ann go fóill duit
Mar tá splanc istigh ionat
 
Ní gá duit ach an tine a adhain
Agus í a choinneáil lasta
Chun an oíche a ghabháil
Agus féile náisiúnta a dhéanamh di
 
Mar is tine ealaíne thú
Ar cheart di a mianach a thaispeáint
Cuir a gabháil "Ó, ó, ó" iad
Nuair atá tú ag eitilt trasna na spéire
 
'Sea, is tine ealaíne thú
Lig go bhfeicfear an áilleacht atá istigh ionat
Cuir a gabháil "Ó, ó, ó" iad
Agus beidh siad uile leagtha agat
 
Ní gá duit thú féin a bhrath
Nach bhfuil ionat ach toirt gan tairbhe
Níl do shéad shamhail ann
Ní bhfaighfear riamh arís thú
Dá mbeadh a fhios agat
Céard é atá i ndán duit
Is tar éis na stoirme móire
A fheictear tuar ceatha
 
B'fhéidir gurb é an fáth
Go bhfuil na doirse ar fad dúnta
Ná go bhfuil ceann eile le hoscailt agat fós
Trínar thiocfaidh tú ar bhóthar do leasa
Mar splanc thintrí
Scalfaidh do chroí
Agus nuair a bheidh an t-ionú ann
 
Ní gá duit ach an tine a adhain
Agus í a choinneáil lasta
Chun an oíche a ghabháil
Agus féile náisiúnta a dhéanamh di
 
Mar is tine ealaíne thú
Ar cheart di a mianach a thaispeáint
Cuir a gabháil "Ó, ó, ó" iad
Nuair atá tú ag eitilt trasna na spéire
 
'Sea, is tine ealaíne thú
Lig go bhfeicfear an áilleacht atá istigh ionat
Cuir a gabháil "Ó, ó, ó" iad
Agus beidh siad uile faoi smacht agat
 
Tormán
Agus soilse níos gile ná an ghealach féin
Bhí an ghile seo istigh ionat i gcónaí
Agus tá sé in am duit í a ligean amach
 
Mar is tine ealaíne thú
Ar cheart di a mianach a thaispeáint
Cuir a gabháil "Ó, ó, ó" iad
Nuair atá tú ag eitilt trasna na spéire
 
'Sea, is tine ealaíne thú
Lig go bhfeicfear an áilleacht atá istigh ionat
Cuir a gabháil "Ó, ó, ó" iad
Agus beidh siad uile leagtha agat
 
Tormán
Agus soilse níos gile ná an ghealach
Tormán
Agus soilse níos gile ná an ghealach
 
Orijinal şarkı sözleri

Firework

şarkı sözleri (İngilizce)

Yorumlar
SindArytiySindArytiy
   Çarş, 23/12/2020 - 07:03

The source lyrics have been updated. The following changes have been made:

"You're gonna leave 'em falling down-own-own" => "You're gonna leave 'em all in awe, awe, awe"

Please review your translation.