✕
Gaelic (Irish Gaelic)
Gaelic (Irish Gaelic)
Dáithníos féin gan bhréag ar fhuacht
Is ar anaithe théitis taobh le cuan
Ar chanadh na n-éan go séirseach suairc
Go gcasfadh mo Shéasar glé gan ghruaim
Measaim gur subhach don Mhumhain an fhuaim
’S dá maireann go dubhach de chrú na mbua
Torann na dtonn le sleasaibh na long
Ag tarraingt go teann inár gceann ar cuaird
Tá lasadh san ngréin gach lae go neóin
Ní taise don rae, ní théideann fé neól
Tá barra na gcraobh ag déanamh sceóil
Nach fada bheidh Gaeil i ngeibhinn bróin
Measaim gur subhach don Mhumhain an ceol
’S dá maireann go dubhach de chrú na dtreón
Torann na dtonn le sleasaibh na long
Ag tarraingt go teann inár gceann fé sheoil
Measaim gur subhach don Mhumhain an ceol
’S dá maireann go dubhach de chrú na dtreón
Torann na dtonn le sleasaibh na long
Ag tarraingt go teann inár gceann fé sheoil
Komentar
julietarab



