• Karen Matheson

    Crucán Na bPáiste • 4 translations

    Featuring artist: Donald shaw, Ronan Browne, Catriona McKay, Aly Bain, Tim O'Brian
    Also performed by: Deirdre Shannon, Eimear Quinn
Favorites
Share
Font Size
Original lyrics
4 translations

Crucán Na bPáiste lyrics

Is briste mo chroí
Is uaigneach mo shlí
Is mo stóirín in a luí is mé cráite
'S é deireadh mo shaol
Is mo chailín beag rua
Sínte i gCrucán na bPáiste
 
Ni fheicfidh sí arís
An drúcht ar an bhféar
Nó an sneachta i ngleannta Mhaamtrasna
Gan ghrian ar a h-aghaidh
Gan ceol binn na n-éan
Ach an chré fuar i gCrucán na bPáiste
 
In ainm an Athair
Is in ainm an Mhic
'S a Mháithrín atá lán de ghrásta
In ainm an Spioraid Naomh
Ná fág me beo
Is mo áinglín i gCrucán na bPáiste
 
Is buartha na sléibhte
Is tá mairg ar an Mask
'S olc mise gan i bheith sábháilte
Is an fhad a bhéas mé beo
Ní sheasfaidh mé ar fhód
Na hÉireann nó i gCrucán na bPáiste
 
In ainm an Athair
Is in ainm an Mhic
'S a Mháithrín atá lán de ghrásta
In ainm an Spioraid Naomh
Ná fág me beo
Is mo áinglín i gCrucán na bPáiste
 
Is mo áinglín i gCrucán na bPáiste
 

 

Translations of "Crucán Na bPáiste"
Karen Matheson: Top 3
Comments