✕
Gaelic (Irish Gaelic)
Translation
Original
Fuarú
Click to see the original lyrics (English)
Aon seans, aon seans go bhfillfeá?
An cuma leat fúm?
Ná himigh uaim
Is (é) an chúis go bhfuil mé borb
An fhírinne atá mé ag lorg
Tá mé scriosta
Tá mé ag súil
Ag súil go bhfanfaidh tú
Gheall tú go mbeifeá dílis
Dár gcumann is dár ndáimh
Cén fáth go rug tú greim ar a lámh?
Mhill sin ár gcaidreamh sámh
Nuair a bhí muid le chéile
Ní raibh ann ach cur i gcéill?
Ach tá mé faoi dhraíocht
Tá mé faoi gheasa agatsa
Is lean mé d’éilimh mar a dúirt tú - ó, ó, ó
Ach anois seo muid ag fuarú
An gá duit?
Níl aon ghá duit
Níl aon ghá
Ná lig dó fuarú
[Véarsa 2]
Ba thú mo thiar is mo thuaidh
A stór nach mór an trua
Ach tá sin thart
Tá sin thart
Abair, abair leat go fír(inneach)
Éirigh as an mbréag
Níl aon ghá le teacht i dtír
Níl aon ghá dúinn breathnú siar
Thuig tú go maith ón tús
Nach raibh uaim ariamh ach tú
Ach tá mé faoi dhraíocht
Tá mé faoi gheasa agatsa
Is lean mé d’éilimh mar a dúirt tú - ó, ó, ó
Ach anois seo muid ag fuarú
An gá duit?
Níl aon ghá duit
Níl aon ghá
Ná lig dó fuarú
Ach tá mé faoi dhraíocht
Tá mé faoi gheasa agatsa
Is lean mé d’éilimh mar a dúirt tú - ó, ó, ó
Ach anois seo muid ag fuarú
An gá duit?
Níl aon ghá duit
Níl aon ghá
Ná lig dó fuarú
Tá mé faoi gheasa agatsa
Is lean mé d’éilimh mar a dúirt tú - ó, ó, ó
Ach anois seo muid ag fuarú
An gá duit?
Níl aon ghá duit
Níl aon ghá
Ná lig dó fuarú
| Thanks! ❤ thanked 14 times |
| You can thank submitter by pressing this button |
Thanks Details:
Guests thanked 14 times
Submitted by
wafflewednesday on 2022-03-13
wafflewednesday on 2022-03-13Subtitles created by
Lithium on Fri, 03/01/2025 - 02:16
Lithium on Fri, 03/01/2025 - 02:16Translation source:
https://youtu.be/_372R-F6wKk
English
Original lyrics
Linger
Click to see the original lyrics (English)
| Thanks! ❤ thanked 1 time |
| You can thank the subtitles submitter by pressing this button |
Thanks Details:
Guests thanked 1 time
✕
Play video with subtitles
| Thanks! ❤ thanked 1 time |
| You can thank the subtitles submitter by pressing this button |
Thanks Details:
Guests thanked 1 time
Translations of "Linger"
Gaelic (Irish Gaelic)
Comments
Sung by Sibéal Ní Chasaide