Danú

An Déirc nummertekst

Toevoegen aan favorieten
Arrow down
Ook uitgevoerd door:
Album:
All Things Considered (2002)

An Déirc

Ólaim punch ’s ólaim tae
’S an lá ina déidh sin ólaim todaí
Ní bhím ar meisce ach uair sa ré
Mo ghrása ’n déirc is an té a cheap í
 
Maíodh gach n-aon a slí sa tsaol
Maíodh an chléir ’s maíodh an ceannaí
Maíodh na mílte a maoin ’s a réim
Maímse an déirc, ’sí an chéird is fearr í
 
Ólaim punch ’s ólaim tae
’S an lá ina déidh sin ólaim todaí
Ní bhím ar meisce ach uair sa ré
Mo ghrása ’n déirc is an té a cheap í
 
Ar mo thíocht a luí ar thréad
An bhuí san fhéith ’s na héimh ag leannaí
Báisteach dhaoirse ’s rinn ar ghaoth
Ó táim le déirc ’s ni baol do m' gharraí
 
Ólaim punch ’s ólaim tae
’S an lá ina déidh sin ólaim todaí
Ní bhím ar meisce ach uair sa ré
Mo ghrása ’n déirc is an té a cheap í
 
Is sámh a bhím im’ luí na gréin
Gan suim sa t-saol ach scléip ’s starraíocht
Gan cháin gan chíos ach m’intinn saor
Nach fearr í ’n déirc ná céird ’s ealaín?
 
Ólaim punch ’s ólaim tae
’S an lá ina déidh sin ólaim todaí
Ní bhím ar meisce ach uair sa ré
Mo ghrása ’n déirc is an té a cheap í
 
Lá má bhím le híota tréith
Bead an lá ina dhéidh ag glaoch na gcannaí
Lá le fion ’s arís gan bhraon
Mo ghrása ’n déirc ’s an té a cheap í
 
Ólaim punch ’s ólaim tae
’S an lá ina déidh sin ólaim todaí
Ní bhím ar meisce ach uair sa ré
Mo ghrása ’n déirc is an té a cheap í
 
Ólaim punch ’s ólaim tae
’S an lá ina déidh sin ólaim todaí
Ní bhím ar meisce ach uair sa ré
Mo ghrása ’n déirc is an té a cheap í
expand collapse Nummergegev.
julietarab julietarab
ingediend op 5 feb 2026 - 04:48
Toelichting indiener:

Also called Ólaim Punch