Делиться
Размер шрифта
Оригинальный текст

текст песни Mo Ghile Mear

Seal da rabhas i m’ mhaighdean shéimh
’S anois i m’ bhaintreach chaite thréith
Mo chéile ag treabhadh na dtonn go tréan
De bharr na gcnoc ’s i n-imigéin.
 
’Sé mo laoch, mo ghile mear
’Sé mo Shéasar, gile mear,
Suan ná séan ní bhfuaireas fhéin
Ó luadh i gcéin mo ghile mear.
 
Bímse buan ar buairt gach ló
Ag caoi go cruaidh ’s ag tuar na ndeór
Mar scaoileadh uaim an buachaill beó
’S ná ríomhtar tuairisc uaidh mo bhrón.
 
’Sé mo laoch, mo ghile mear
’Sé mo Shéasar, gile mear,
Suan ná séan ní bhfuaireas fhéin
Ó luadh i gcéin mo ghile mear.
 
Ní labhrann cuach go suairc ar neoin
Is níl guth gadhair i gcoillte cnó
Ná maidin shamhraidh i gleanntaibh ceoigh
Ó d’imigh uaim an buachaill beo.
 
’Sé mo laoch, mo ghile mear
’Sé mo Shéasar, gile mear
Suan ná séan ní bhfuaireas fhéin
Ó luadh i gcéin mo ghile mear.
 
Marcach uasal uaibhreach óg
Gas gan gruaim is suairce snódh
Glac is luaimneach, luath i ngleo
Ag teascadh an tslua ’s ag tuargain treon.
 
’Sé mo laoch, mo ghile mear
’Sé mo Shéasar, gile mear
Suan ná séan ní bhfuaireas fhéin
Ó luadh i gcéin mo ghile mear.
 
Ach seinntear stair ar chlairsigh cheoil
Is líontar táinte cárt ar bord
Le hintinn ard gan chaim, gan cheo
Chun saoghal is sláinte d’fháil dom leon.
 
’Sé mo laoch, mo ghile mear
’Sé mo Shéasar, gile mear,
Suan ná séan ní bhfuaireas fhéin
Ó luadh i gcéin mo ghile mear.
 

 

Комментарии